|
+Airteagal 3 2. |
Airteagal 3 2.Déanfaidh an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála an méid seo a leanas:
(a)
rannchuidiú le cosaint níos fearr agus freagairt níos fearr ar chibearbhagairtí trí thacú le heintitis ábhartha, go háirithe CSIRTanna, líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, agus oibriú i gcomhar leo agus a gcumais a threisiú;
(b)
sonraí agus faisnéis ábhartha maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais ó fhoinsí éagsúla laistigh de na Cibearmhoil Trasteorann a chomhthiomsú agus faisnéis anailísithe nó chomhiomlánaithe a chomhroinnt trí Chibearmhoil Trasteorann, i gcás inarb ábhartha le líonra CSIRTanna;
(c)
táirgeadh faisnéise ardcháilíochta inghníomhaithe agus faisnéise maidir le cibearbhagairtí a bhailiú agus tacú leis, trí úsáid a bhaint as uirlisí úrscothacha agus ardteicneolaíochtaí, agus an fhaisnéis sin a chomhroinnt agus faisnéis maidir le cibearbhagairtí a chomhroinnt;
(d)
rannchuidiú le feabhas a chur ar bhrath comhordaithe cibearbhagairtí agus ar fheasacht choiteann staide ar fud an Aontais, agus le rabhaidh a eisiúint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí mholtaí nithiúla a sholáthar d’eintitis;
(e)
seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil do phobal na cibearshlándála san Aontas, lena n-áirítear rannchuidiú le harduirlisí agus ardteicneolaíochtaí, amhail uirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí, a fhorbairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|