+Airteagal 3 An Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a bhunú
---+Airteagal 3 1.
---+Airteagal 3 2.
---+Airteagal 3 3.

Airteagal 3 An Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála a bhunú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 3 1.
Líonra uile-Eorpach bonneagair atá comhdhéanta de Chibearmhoil Náisiúnta agus Cibearmhoil Trasteorann a thagann le chéile ar bhonn deonach, bunófar an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun tacú le forbairt ardchumas chun go gcuirfidh an tAontas feabhas ar chumais braite, anailíse agus próiseála sonraí i ndáil le cibearbhagairtí agus chun teagmhais a chosc san Aontas.
Airteagal 3 2.

Déanfaidh an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála an méid seo a leanas:

(a) 

rannchuidiú le cosaint níos fearr agus freagairt níos fearr ar chibearbhagairtí trí thacú le heintitis ábhartha, go háirithe CSIRTanna, líonra CSIRTanna, EU-CyCLONe agus na húdaráis inniúla arna n-ainmniú nó arna mbunú de bhun Airteagal 8(1) de Threoir (AE) 2022/2555, agus oibriú i gcomhar leo agus a gcumais a threisiú;

(b) 

sonraí agus faisnéis ábhartha maidir le cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais ó fhoinsí éagsúla laistigh de na Cibearmhoil Trasteorann a chomhthiomsú agus faisnéis anailísithe nó chomhiomlánaithe a chomhroinnt trí Chibearmhoil Trasteorann, i gcás inarb ábhartha le líonra CSIRTanna;

(c) 

táirgeadh faisnéise ardcháilíochta inghníomhaithe agus faisnéise maidir le cibearbhagairtí a bhailiú agus tacú leis, trí úsáid a bhaint as uirlisí úrscothacha agus ardteicneolaíochtaí, agus an fhaisnéis sin a chomhroinnt agus faisnéis maidir le cibearbhagairtí a chomhroinnt;

(d) 

rannchuidiú le feabhas a chur ar bhrath comhordaithe cibearbhagairtí agus ar fheasacht choiteann staide ar fud an Aontais, agus le rabhaidh a eisiúint, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, trí mholtaí nithiúla a sholáthar d’eintitis;

(e) 

seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil do phobal na cibearshlándála san Aontas, lena n-áirítear rannchuidiú le harduirlisí agus ardteicneolaíochtaí, amhail uirlisí intleachta saorga agus anailísíochta sonraí, a fhorbairt.

Airteagal 3 3.
Tacófar le gníomhaíochtaí lena gcuirtear an Córas Eorpach um Rabhadh Cibearshlándála chun feidhme trí chistiú ón gClár don Eoraip Dhigiteach (CED) agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/694, go háirithe Cuspóir Sonrach 3 de.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 15.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0038
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.