+Airteagal 11 Pacáistíocht in-athúsáidte
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
|
Airteagal 11 Pacáistíocht in-athúsáidte
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 11 1
|
1. Measfar pacáistíocht a chuirtear ar an margadh ón 11 Feabhra 2025 a bheith in-athúsáidte i gcás ina gcomhlíonann sí na ceanglais uile seo a leanas:
|
(a)
|
rinneadh í a cheapadh, a dhearadh agus a chur ar an margadh chun í a athúsáid arís is arís eile;
|
|
(b)
|
rinneadh í a cheapadh agus a dhearadh chun an líon ba mhó uainíochtaí ab fhéidir a bhaint as faoi ghnáthchoinníollacha intuartha úsáidte;
|
|
(c)
|
comhlíonann sí na ceanglais is infheidhme i dtaca le sláinte, sábháilteacht agus sláinteachas tomhaltóirí;
|
|
(d)
|
is féidir í a fholmhú nó a dhíluchtú gan damáiste a dhéanamh di ar bhealach ar bhealach a chuirfeadh cosc ar a feidhm bhreise agus a hathúsáid;
|
|
(e)
|
is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú fad a dhéantar cáilíocht agus sábháilteacht an táirge phacáistithe a chothabháil agus fad a áirithítear go gcomhlíontar na ceanglais sábháilteachta agus sláintíochta is infheidhme, lena n-áirítear na ceanglais maidir le sábháilteacht bia;
|
|
(f)
|
is féidir í a athriochtú i gcomhréir le Cuid B d’Iarscríbhinn VI, fad is féidir léi a feidhm bheartaithe a chomhlíonadh;
|
|
(g)
|
is féidir lipéid a ghreamú dí chomh maith le faisnéis a sholáthar maidir le hairíonna an táirge sin agus na pacáistíochta féin, lena n-áirítear aon treoir nó faisnéis ábhartha chun sábháilteacht, úsáid leormhaith, inrianaitheacht agus seilfré an táirge a áirithiú;
|
|
(h)
|
is féidir í a fholmhú, a dhíluchtú, a athlíonadh nó a athluchtú gan sláinte ná sábháilteacht na ndaoine siúd a dhéanann sin a chur i mbaol; agus
|
|
(i)
|
comhlíonann sí na ceanglais a bhaineann go sonrach le pacáistíocht in-athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 6, chun gur féidir í a athchúrsáil nuair a thagann sí chun bheith ina dramhaíl.;
|
|
|
Airteagal 11 2
|
2. Faoin 12 Feabhra 2027, glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 64 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí líon íosta uainíochtaí le haghaidh pacáistíocht in-athúsáidte a bhunú chun críoch mhír 1, pointe (b), den Airteagal seo, le haghaidh na bhformáidí pacáistíochta is minice a úsáidtear san athúsáid, agus ceanglais sláinteachais agus ceanglais eile, amhail lóistíocht á gcur san áireamh.
|
|
Airteagal 11 3
|
3. Léireofar comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo san fhaisnéis theicniúil a bhaineann leis an bpacáistíocht dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|