+Airteagal 17 Ionadaithe údaraithe
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2

Airteagal 17 Ionadaithe údaraithe

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 17 1

1.   Féadfaidh monaróir, trí shainordú scríofa, ionadaí údaraithe a cheapadh.

Airteagal 17 2

2.   Feidhmeoidh ionadaí údaraithe na cúraimí arna sonrú sa sainordú a gheobhaidh sé ón monaróir. Ceadófar leis an sainordú don ionadaí údaraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:

(a)

an dearbhú comhréireachta AE agus an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta um fhaireachas margaidh mar a leanas:

(i)

a mhéid a bhaineann le pacáistíocht aon úsáide: go ceann 5 bliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh; agus

(ii)

a mhéid a bhaineann le pacáistíocht in-athúsáidte: go ceann 10 mbliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh;

(b)

obair a dhéanamh i gcomhar leis na húdaráis inniúla náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon bheart a rinneadh maidir le cásanna neamhchomhlíonta na pacáistíochta a chumhdaítear le sainordú an ionadaí údaraithe;

(c)

arna iarraidh réasúnaithe ó údarás inniúil náisiúnta, an fhaisnéis agus an doiciméadacht theicniúil ar fad is gá chun comhréireacht pacáistíochta a léiriú a chur ar fáil don údarás sin i dteanga amháin nó níos mó is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca;

(d)

arna iarraidh ó údarás inniúil náisiúnta, na doiciméid ábhartha a chur ar fáil laistigh de 10 lá tar éis an iarraidh sin a fháil;

(e)

an sainordú a fhoirceannadh má ghníomhaíonn an monaróir ar neamhréir lena oibleagáidí faoin Rialachán seo.

Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 15(1) agus an oibleagáid chun an doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas, dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus mar a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó dá mbun, ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.