7. Coimeádfaidh allmhaireoirí cóip den dearbhú comhréireachta AE ar fáil do na údaráis um fhaireachas margaidh agus áiritheoidh gur féidir an doiciméadacht theicniúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII agus a cheanglaítear faoi Airteagail 5 go 11 nó de bhun na nAirteagal sin a chur ar fáil do na húdaráis sin, arna iarraidh sin mar a leanas:
|
(a)
|
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht aon úsáide: go ceann 5 bliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh; agus
|
|
(b)
|
a mhéid a bhaineann le pacáistíocht in-athúsáidte: go ceann 10 mbliana ón dáta a chuirfear an phacáistíocht ar an margadh.
|