|
+Airteagal 21 Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí |
Airteagal 21 Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoiríAirteagal 21 Cásanna ina bhfuil feidhm ag oibleagáidí na monaróirí maidir le hallmhaireoirí agus dáileoirí I gcás ina gcuirfidh allmhaireoir nó dáileoir pacáistíocht ar an margadh faoina ainm nó trádmharc féin nó ina modhnóidh allmhaireoir nó dáileoir pacáistíocht atá curtha ar an margadh cheana ar bhealach a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chomhlíonadh cheanglais ábhartha an Rialacháin seo, measfar an t-allmhaireoir nó an dáileoir sin a bheith ina mhonaróir chun críocha an Rialacháin seo, agus beidh sé faoi réir oibleagáidí an mhonaróra faoi Airteagal 15 I gcás ina dtagann allmhaireoir nó dáileoir dá dtagraítear sa chéad fhomhír a thagann faoin sainmhíniú ar mhicrifhiontar a leagtar amach i Moladh 2003/361/CE de réir mar is infheidhme an 11 Feabhra 2025, agus i gcás ina bhfuil an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht don allmhaireoir nó don dáileoir lonnaithe san Aontas, measfar gurb é an duine nádúrtha nó dlítheanach a sholáthraíonn an phacáistíocht an monaróir chun críoch Airteagal 15. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|