+Airteagal 62 Neamhchomhlíonadh foirmiúil
---+Airteagal 62 1
---+Airteagal 62 2
---+Airteagal 62 3

Airteagal 62 Neamhchomhlíonadh foirmiúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 62 1

1.   I gcás ina dtagann Ballstát ar an eolas faoi aon cheann de na himthosca seo a leanas,, éileoidh sé ar an oibreoir ábhartha deireadh a chur leis an neamhchomhlíonadh lena mbaineann:

(a)

níor tarraingíodh suas an dearbhú comhréireachta AE;

(b)

níor tarraingíodh suas i gceart an dearbhú comhréireachta AE;

(c)

ní thugtar, leis an gcód QR ná an t-iompróir sonraí dá dtagraítear in Airteagal 12 an rochtain ar an bhfaisnéis a éilítear i gcomhréir leis an Airteagal sin;

(d)

níl an doiciméadacht theicniúil ar fáil dá dtagraítear in Iarscríbhinn VII, níl sí iomlán nó tá earráidí inti;

(e)

maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 15(6) nó in Airteagal 18(3), níl sí ann, nó tá sí bréagach nó neamhiomlán;

(f)

ní chomhlíontar aon cheanglas riaracháin eile a leagtar amach in Airteagail 15 nó 18;

(g)

ní chomhlíontar na ceanglais maidir le srianta ar phacáistíocht iomarcach nó ar úsáid formáidí áirithe pacáistíochta a leagtar amach in Airteagail 24 agus 25;

(h)

i ndáil le pacáistíocht in-athúsáidte, ní chomhlíontar na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 27 maidir le córais athúsáide a bhunú, a oibriú nó páirt a ghlacadh iontu;

(i)

i ndáil le hathlíonadh, ní chomhlíontar na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 28(1) agus (2);

(j)

ní chomhlíontar na ceanglais maidir leis na stáisiúin athlíonta a leagtar amach in Airteagal 28(3);

(k)

ní chomhlíontar na spriocanna athúsáide a leagtar amach in Airteagal 29;

(l)

níor comhlíonadh na hoibleagáidí athlíonta in Airteagal 32 ná oibleagáid na tairisceana athúsáide in Airteagal 33;

(m)

ní chomhlíontar na ceanglais maidir le pacáistíocht in-athchúrsáilte a leagtar amach in Airteagal 6;

(n)

ní chomhlíontar na ceanglais maidir le cion íosta an ábhair athchúrsáilte i gcás pacáistíocht phlaisteach a leagtar amach in Airteagal 7.

Airteagal 62 2

2.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointí (a) go (f), déanfaidh na Ballstáit lena mbaineann gach beart iomchuí chun an phacáistíocht a chosc óna chur ar an margadh nó lena áirithiú go ndéantar í a aisghairm nó a tharraingt siar ón margadh.

Airteagal 62 3

3.   I gcás ina leantar den neamhchomhlíonadh dá dtagraítear i mír 1, pointí (g) go (n), déanfaidh na Ballstáit na rialacha a chur i bhfeidhm maidir le pionóis a bhaineann le sáruithe ar an Rialachán seo a leagann na Ballstáit síos i gcomhréir le hAirteagal 68.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 22.01.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R0040
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.