7. Acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte, féadfar iad a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig Clár Euratom 2026-2027, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.