+Airteagal 4 Buiséad
---+Airteagal 4 1
---+Airteagal 4 2
---+Airteagal 4 3
---+Airteagal 4 4
---+Airteagal 4 5
---+Airteagal 4 6
---+Airteagal 4 7

Airteagal 4 Buiséad

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4 1

1.   Is é EUR 598 346 804 i bpraghsanna reatha an t-imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme Chlár Euratom 2026-2027 le haghaidh na tréimhse ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Nollaig 2027.

Airteagal 4 2

2.   Is é seo a leanas a bheidh i ndáileadh táscach na suime dá dtagraítear i mír 1:

(a)

EUR 252 532 225 le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha i ndáil le taighde agus forbairt comhleá;

(b)

EUR 115 339 356 le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha i ndáil le heamhnú núicléach, an tsábháilteacht núicléach, agus an chosaint ar radaíocht;

(c)

EUR 230 475 223 le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ndéanamh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde.

Ní fhéadfaidh an Coimisiún imeacht ón méid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (c).

Airteagal 4 3

3.   Féadfar a chumhdach freisin leis an méid dá dtagraítear i mír 1 costais maidir le hullmhúchán, faireachán, rialú, iniúchóireacht, meastóireacht agus gníomhaíochtaí agus caiteachas eile a bhaineann le bainistiú agus cur chun feidhme Chlár Euratom 2026-2027, lena n-áirítear an caiteachas riaracháin uile, chomh maith le meastóireacht a dhéanamh ar ghnóthú a chuspóirí. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha os cionn 6 % den mhéid a dáileadh ar ghníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom 2026-2027 dá dtagraítear i mír 2, an chéad fhomhír, pointí (a) agus (b). Féadfar seo a leanas a chumhdach freisin le húsáid an mhéid dá dtagraítear i mír 1:

(a)

a mhéid a bhaineann siad sin le cuspóirí Chlár Euratom 2026-2027, costais a bhaineann le staidéir, cruinnithe saineolaithe, gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide;

(b)

costais a bhaineann le líonraí teicneolaíochta faisnéise arb é is fócas dóibh próiseáil agus malartú faisnéise, lena n-áirítear uirlisí teicneolaíochta faisnéise corparáideacha agus cúnamh teicniúil agus riaracháin eile a bhfuil gá leo i ndáil le bainistiú Chlár Euratom 2026-2027.

Airteagal 4 4

4.   Féadfar leithreasuithe a iontráil sa bhuiséad tar éis 2027 chun na costais dá bhforáiltear i mír 3 a chumhdach, más gá sin ionas go mbeifear in ann na gníomhaíochtaí nach mbeidh tugtha i gcrích faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 4 5

5.   Gealltanais bhuiséadacha maidir le gníomhaíochtaí is faide ná 1 bhliain airgeadais amháin, féadfar iad a roinnt ina dtráthchodanna bliantúla thar roinnt blianta.

Airteagal 4 6

6.   Gan dochar do Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 (‘an Rialachán Airgeadais’), caiteachas ar bhearta a d’eascraigh as tionscadail a áirítear sa chéad chlár oibre, is caiteachas é a fhéadfaidh a bheith incháilithe ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh.

Airteagal 4 7

7.   Acmhainní arna leithdháileadh ar na Ballstáit faoi bhainistíocht roinnte, féadfar iad a aistriú, arna iarraidh sin don Bhallstát lena mbaineann, chuig Clár Euratom 2026-2027, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach sna forálacha ábhartha i Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). Cuirfidh an Coimisiún na hacmhainní sin chun feidhme go díreach i gcomhréir le hAirteagal 62(1), an chéad fhomhír, pointe (a), den Rialachán Airgeadais nó go hindíreach i gcomhréir le pointe (c) den fhomhír sin. Úsáidfear na hacmhainní sin chun leas an Bhallstáit lena mbaineann.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.