+Airteagal 5 1

Airteagal 5 1

1.   Beidh Clár Euratom 2026-2027 in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas:

(a)

tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais ar leith nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;

(b)

tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ar leith, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;

(c)

tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:

(i)

acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;

(ii)

gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte riailbhunaithe, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, agus sin faoi choimirce institiúidí daonlathacha;

(iii)

beartais a chur chun cinn lena gcuirtear feabhas ar dhea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.