+Airteagal 5 Tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár Euratom 2026-2027
---+Airteagal 5 1
---+Airteagal 5 2
---+Airteagal 5 3
---+Airteagal 5 4
---+Airteagal 5 5
|
Airteagal 5 Tríú tíortha atá comhlachaithe le Clár Euratom 2026-2027
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1
|
1. Beidh Clár Euratom 2026-2027 in ann comhlachas a dhéanamh leis na tríú tíortha seo a leanas:
|
(a)
|
tíortha aontacha, tíortha is iarrthóirí agus iarrthóirí ionchasacha, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó Chomhairlí Comhlachais ar leith nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;
|
|
(b)
|
tíortha de Bheartas Comharsanachta na hEorpa, i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta agus na téarmaí agus coinníollacha ginearálta a bhaineann le rannpháirtíocht na dtíortha sin i gcláir de chuid an Chomhphobail arna mbunú sna comhaontuithe réime agus sna cinntí ó chomhairlí comhlachais ar leith, nó i gcomhaontuithe comhchosúla agus i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha a leagtar síos i gcomhaontuithe idir an Comhphobal agus na tíortha sin;
|
|
(c)
|
tríú tíortha agus críocha a chomhlíonann na critéir uile seo a leanas:
|
(i)
|
acmhainneacht mhaith eolaíochta, teicneolaíochta agus nuálaíochta a bheith acu;
|
|
(ii)
|
gealltanas a bheith tugtha acu maidir le geilleagar margaidh oscailte riailbhunaithe, lena n-áirítear a bheith ag caitheamh ar bhealach cóir agus cothrom le cearta maoine intleachtúla, agus sin faoi choimirce institiúidí daonlathacha;
|
|
(iii)
|
beartais a chur chun cinn lena gcuirtear feabhas ar dhea-bhail eacnamaíoch agus sóisialta na saoránach.
|
|
|
|
Airteagal 5 2
|
2. Maidir le comhlachas le Clár Euratom 2026-2027 a dhéanfar le gach ceann de na tríú tíortha faoi mhír 1, pointe (c), is comhlachas é a dhéanfar i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gcomhaontú sonrach lena gcumhdaítear rannpháirtíocht an tríú tír in aon Chlár de chuid an Chomhphobail nó an Aontais, ar choinníoll go ndéantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:
|
(a)
|
áirithítear leis cothromaíocht chóir a mhéid a bhaineann le ranníocaíochtaí agus sochair an tríú tír atá rannpháirteach i gcláir an Chomhphobail nó an Aontais;
|
|
(b)
|
leagtar síos leis na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht i gcláir an Chomhphobail nó an Aontais, lena n-áirítear ríomh na ranníocaíochtaí airgeadais leis na cláir aonair agus ríomh chostais riaracháin na gclár sin;
|
|
(c)
|
ní thugtar don tríú tír leis aon chumhacht chinnteoireachta i leith Chlár Euratom 2026-2027;
|
|
(d)
|
ráthaítear leis cearta an Aontais chun bainistíocht fhónta airgeadais a áirithiú agus chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.
|
Ioncaim shannta i gcomhréir le hAirteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointe (b), den mhír seo.
|
|
Airteagal 5 3
|
3. I raon feidhme an chomhlachais le gach tríú tír i gClár Euratom 2026-2027, cuirfear san áireamh an cuspóir maidir le fás eacnamaíoch a thiomáint san Aontas trí bhíthin na nuálaíochta. Dá réir sin, diomaite de thíortha aontacha, de thíortha is iarrthóirí agus d’iarrthóirí ionchasacha, d’fhéadfaí codanna de Chlár Euratom 2026-2027 a eisiamh ó chomhaontú comhlachais i dtaca le tír shonrach.
|
|
Airteagal 5 4
|
4. Déanfaidh an comhaontú comhlachais, i gcás inarb iomchuí, foráil maidir le rannpháirtíocht chómhalartach eintiteas dlítheanach atá bunaithe san Aontas i gcláir chomhchosúla i dtíortha comhlachais i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos sna cláir sin.
|
|
Airteagal 5 5
|
5. I gcás inarb iomchuí, leis na coinníollacha lena gcinnfear leibhéal na ranníocaíochta airgeadais áiritheofar go ndéanfar ceartú uathoibríoch ar aon mhíchothromaíocht shuntasach i gcomparáid leis an méid a fhaigheann eintitis atá bunaithe sa tír chomhlachaithe trí bheith rannpháirteach i gClár Euratom 2026-2027, agus na costais maidir le bainistiú, cur i bhfeidhm agus oibriú Chlár Euratom 2026-2027 á gcur san áireamh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|