+Airteagal 7 Comhpháirtíochtaí Eorpacha
---+Airteagal 7 1
---+Airteagal 7 2
---+Airteagal 7 3
---+Airteagal 7 4
|
Airteagal 7 Comhpháirtíochtaí Eorpacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 7 1
|
1. Féadfar codanna de Chlár Euratom 2026-2027 a chur chun feidhme trí bhíthin Comhpháirtíochtaí Eorpacha.
|
|
Airteagal 7 2
|
2. Maidir le rannpháirtíocht an Chomhphobail i gComhpháirtíochtaí Eorpacha, féadfaidh sí a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas:
|
(a)
|
rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí a bhunaítear ar bhonn meabhráin tuisceana nó socruithe conarthacha idir an Coimisiún agus comhpháirtithe poiblí nó príobháideacha, lena sonraítear cuspóirí na Comhpháirtíochta Eorpaí, gealltanais ghaolmhara ó na comhpháirtithe eile maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó maidir lena ranníocaíochtaí comhchineáil, eochairtháscairí feidhmíochta agus tionchair, na torthaí atá le soláthar agus socruithe tuairiscithe; cuimsítear leo sin gníomhaíochtaí comhlántacha taighde agus nuálaíochta, a chuirtear chun feidhme leis na comhpháirtithe agus le Clár Euratom 2026-2027 (comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchláraithe), a shainaithint;
|
|
(b)
|
rannpháirtíocht i gclár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta agus ranníocaíocht airgeadais leis an gclár céanna, lena sonraítear na cuspóirí, na príomhtháscairí feidhmíochta agus tionchair, agus na torthaí atá le baint amach, bunaithe ar ghealltanas na gcomhpháirtithe maidir lena ranníocaíochtaí airgeadais nó lena ranníocaíochtaí comhchineáil agus maidir lena gcuid gníomhaíochtaí ábhartha a chomhtháthú trí ghníomhaíocht chomhchistiúcháin ó Chlár Euratom 2026-2027 (comhpháirtíochtaí Eorpacha Comhchistithe), a úsáid.
|
|
|
Airteagal 7 3
|
3. Maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha:
|
(a)
|
bunófar iad sna cásanna ina mbainfí cuspóirí Chlár Euratom 2026-2027 amach ar bhealach níos éifeachtaí ná mar a d’éireodh leis an gComhphobal ina aonar, agus nuair a chuirtear i gcomparáid le foirmeacha eile tacaíochta faoi Chlár Euratom 2026-2027; déanfar scair iomchuí de bhuiséad Chlár Euratom 2026-2027 a leithdháileadh ar na codanna sin;
|
|
(b)
|
cloífidh siad leis na prionsabail a bhaineann le breisluach Aontais, trédhearcacht agus oscailteacht, agus le tionchair a bheith acu laistigh den Eoraip agus ar son na hEorpa, an éifeacht láidir ghiarála ar scála leordhóthanach, ghealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe uile lena mbaineann, solúbthacht maidir le cur chun feidhme, comhleanúnachas, chomhordú agus comhlántacht le tionscnaimh de chuid an Aontais agus tionscnaimh áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, tionscnaimh idirnáisiúnta nó Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;
|
|
(c)
|
beidh cur chuige soiléir maidir le saolré acu, beidh siad teoranta ó thaobh ama de agus beidh coinníollacha iontu maidir le cistiú Chlár Euratom 2026-2027 a chéimniú amach.
|
|
|
Airteagal 7 4
|
4. Na forálacha agus na critéir maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú, a chur chun feidhme, maidir le faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu agus maidir lena gcéimniú amach, leagtar amach iad in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/695.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|