1. Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 den Rialachán Airgeadais a chuirfear gníomhaíochtaí indíreacha Chlár Euratom 2026-2027 chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha. Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, na cláir oibre. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16(4).