3. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha brath ar athbhreithnithe ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte sin roghnach i gcás cineálacha áirithe tairbhithe agus is éard atá iontu iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a chomhlánófar le hiniúchadh ar idirbhearta. Is iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a dhéanfaidh iniúchadh ar na hidirbhearta sin. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na hiniúchtaí ar chórais agus ar phróisis a úsáid chun an leibhéal muiníne foriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na ndeimhnithe maidir le ráitis airgeadais a athmheas.