+Airteagal 15 Iniúchtaí
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
|
Airteagal 15 Iniúchtaí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Áiritheofar leis an gcóras rialúcháin le haghaidh Chlár Euratom 2026-2027 go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh na rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach i ngach gné de Chlár Euratom 2026-2027.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, arb iniúchadh é lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a rialacha is infheidhme ar leith.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha brath ar athbhreithnithe ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte sin roghnach i gcás cineálacha áirithe tairbhithe agus is éard atá iontu iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a chomhlánófar le hiniúchadh ar idirbhearta. Is iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtúla a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (20) a dhéanfaidh iniúchadh ar na hidirbhearta sin. Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin ábhartha na hiniúchtaí ar chórais agus ar phróisis a úsáid chun an leibhéal muiníne foriomlán a chinneadh maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex post agus na ndeimhnithe maidir le ráitis airgeadais a athmheas.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. I gcomhréir le hAirteagal 127 den Rialachán Airgeadais, féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin brath ar iniúchtaí maidir le húsáid ranníocaíochtaí an Chomhphobail arna ndéanamh ag daoine nó ag eintitis neamhspleácha inniúla eile, lena n-áirítear daoine nach bhfuil sainordú tugtha dóibh chuige sin ó Institiúidí nó ó chomhlachtaí an Aontais.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le 2 bhliain tar éis íocaíocht an iarmhéid.
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, arb é is aidhm dóibh cur i bhfeidhm agus léiriú iontaofa aonfhoirmeach na nósanna imeachta agus na rialacha iniúchóireachta le linn fhad tréimhse Chlár Euratom 2026-2027 a áirithiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 03.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1304
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|