5. Beidh de thoradh ar chomhdhéanamh an Bhoird go mbeidh ionracas ann, agus, cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, go mbeidh meascán iomchuí ann de scileanna teicniúla, d’eolas agus de thaithí ar SIPSanna agus ar an margadh airgeadais i gcoitinne, ionas go mbeidh an Bord in ann a róil agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh. Cuirfear san áireamh sa chomhdhéanamh freisin leithdháileadh na n-inniúlachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, agus má cheadaítear é faoin dlí náisiúnta, áireofar ar an mBord comhaltaí neamhfheidhmiúcháin boird, lena n-áirítear stiúrthóir neamhspleách amháin ar a laghad.