+Airteagal 9 Rialachas
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
---+Airteagal 9 6
---+Airteagal 9 7
---+Airteagal 9 8
---+Airteagal 9 9
---+Airteagal 9 10
---+Airteagal 9 11
---+Airteagal 9 12
|
Airteagal 9 Rialachas
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Beidh cuspóirí doiciméadaithe ag oibreoir SIPS agus ardtosaíocht á tabhairt leis na cuspóirí sin do shábháilteacht agus éifeachtúlacht an SIPS. Tacófar go hintuigthe leis na cuspóirí sin leis an gcobhsaíocht airgeadais agus le ceisteanna ábhartha eile leasa phoiblí, go háirithe margaí oscailte éifeachtúla.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Beidh socruithe rialachais éifeachtach agus doiciméadaithe i bhfeidhm ag oibreoir SIPS lena dtugtar línte soiléire díreacha freagrachta agus cuntasachta. Cuirfear na socruithe sin ar fáil don údarás inniúil, do na húinéirí agus do na rannpháirtithe. Cuirfidh an t-oibreoir SIPS leaganacha giorraithe díobh sin ar fáil don phobal.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Saineofar go soiléir róil agus freagrachtaí an Bhoird. Áireofar ar róil agus freagrachtaí an Bhoird gach ní de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
aidhmeanna agus cuspóirí straitéiseacha soiléire a bhunú don SIPS;
|
|
(b)
|
nósanna imeachta doiciméadaithe a bhunú le haghaidh fheidhmiú an SIPS, lena n-áirítear nósanna imeachta chun coinbhleachtaí leasa a chuid comhaltaí a shainaithint, aghaidh a thabhairt orthu agus iad a bhainistiú;
|
|
(c)
|
cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, deimhin a dhéanamh de go ndéantar comhaltaí an Lucht Bainistíochta a roghnú, a chur faoi fhaireachán agus, i gcás inarb iomchuí, a chur as oifig go héifeachtach;
|
|
(d)
|
cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, beartais chúitimh iomchuí a bhunú, i gcomhréir leis na dea-chleachtais agus bunaithe ar mhórghníomhartha fadtéarmacha.
|
|
|
Airteagal 9 4
|
4. Cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, déanfaidh an Bord athbhreithniú ar a fheidhmíocht fhoriomlán féin agus ar fheidhmíocht a chomhaltaí aonair go bliantúil ar a laghad.
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Beidh de thoradh ar chomhdhéanamh an Bhoird go mbeidh ionracas ann, agus, cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, go mbeidh meascán iomchuí ann de scileanna teicniúla, d’eolas agus de thaithí ar SIPSanna agus ar an margadh airgeadais i gcoitinne, ionas go mbeidh an Bord in ann a róil agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh. Cuirfear san áireamh sa chomhdhéanamh freisin leithdháileadh na n-inniúlachtaí i gcomhréir leis an dlí náisiúnta. Cé is moite de SIPSanna an Eurochórais, agus má cheadaítear é faoin dlí náisiúnta, áireofar ar an mBord comhaltaí neamhfheidhmiúcháin boird, lena n-áirítear stiúrthóir neamhspleách amháin ar a laghad.
|
|
Airteagal 9 6
|
6. Bunóidh agus maoirseoidh an Bord creat bainistithe riosca doiciméadaithe:
|
(a)
|
a mbeidh ar áireamh ann beartas an oibreora SIPS maidir le lamháltas riosca agus inghlacthacht riosca;
|
|
(b)
|
lena sannfar freagrachtaí agus cuntasacht as cinntí riosca;
|
|
(c)
|
lena ndéileálfar le cinnteoireacht i ngéarchéimeanna agus in éigeandálaí;
|
|
(d)
|
lena ndéileálfar le feidhmeanna rialúcháin inmheánaigh.
|
Bunóidh an Bord coiste riosca chun cabhrú leis i dtaobh chomhlíonadh na bhfreagrachtaí atá air i dtaca le riosca. Cuirfidh an coiste riosca comhairle ar an mBord maidir le bainistiú riosca an SIPS.
Áiritheoidh an Bord go mbeidh trí líne chosanta shoiléire éifeachtacha ann (oibríochtaí, bainistiú riosca agus iniúchadh inmheánach), atá ar leithligh óna chéile agus a bhfuil údarás leordhóthanach, neamhspleáchas leordhóthanach agus acmhainní leordhóthanacha acu agus rochtain leordhóthanach acu ar an mBord.
|
|
Airteagal 9 7
|
7. Beidh formheas an Bhoird ag teastáil le haghaidh cinntí a bhfuil tionchar suntasach acu ar phróifíl riosca an SIPS agus le haghaidh na bpríomhdhoiciméad riosca lena rialaítear oibríochtaí an SIPS. Ar a laghad, formheasfaidh an Bord agus athbhreithneoidh sé ar bhonn bliantúil an creat uileghabhálach bainistithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 10(1), an plean téarnaimh agus clabhsúir ordúil agus an plean caipitil dá dtagraítear in Airteagail 10(4) agus 18(6) faoi seach, na creataí maidir le riosca creidmheasa agus leachtachta dá dtagraítear in Airteagail 11(1) agus 13(1) faoi seach, an creat comhthaobhachta lena rialaítear bainistiú na rioscaí dá dtagraítear in Airteagal 12, straitéis infheistíochta an SIPS dá dtagraítear in Airteagal 19(4), an creat riosca oibriúcháin agus an plean leanúnachais gnó gaolmhar dá dtagraítear in Airteagail 20(1) agus 20(6) faoi seach, an creat agus an straitéis cibear-athléimneachta dá dtagraítear in Airteagal 21(1), agus an creat um sheachfhoinsiú dá dtagraítear in Airteagal 22(4).
|
|
Airteagal 9 8
|
8. Áiritheoidh an Bord go léireofar leis na cinntí móra lena ndéantar difear do leagan amach teicniúil agus feidhmiúil, rialacha agus straitéis fhoriomlán an SIPS – go háirithe maidir leis an socrú imréitigh agus socraíochta a bheidh le roghnú, maidir leis an struchtúr oibriúcháin, maidir le scóip na dtáirgí a imréitítear nó a shocraítear, agus maidir le húsáid teicneolaíochta agus nósanna imeachta – leasanna dlisteanacha gheallsealbhóirí ábhartha an SIPS go hiomchuí. Rachfar i gcomhairle go réasúnta leis na geallsealbhóirí ábhartha agus, i gcás inarb iomchuí, leis an bpobal roimh ré maidir leis na cinntí sin.
|
|
Airteagal 9 9
|
9. Saineofar go soiléir ról agus freagrachtaí na Bainistíochta, agus i gcás inarb infheidhme, an Bhainistíocht Brainse, mar aon leis na línte tuairiscithe laistigh den Bhainistíocht, agus i gcás inarb infheidhme an Bhainistíocht Brainse, agus na línte tuairiscithe idir an Bhainistíocht agus an Bord, agus i gcás inarb infheidhme an Bhainistíocht Brainse agus bord an eintitis dhlítheanaigh a bhfuil an brainse ina chuid spleách air ó thaobh an dlí de. Le comhdhéanamh na Bainistíochta, agus i gcás inarb infheidhme comhdhéanamh an Bhrainse Bainistíochta, áiritheofar sláine phearsanta agus meascán iomchuí scileanna teicniúla, eolais agus taithí ar SIPSanna agus ar an margadh airgeadais i gcoitinne araon, rud a chuirfidh ar a gcumas a bhfreagrachtaí maidir le hoibriú agus bainistiú riosca an oibreora SIPS a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 9 10
|
10. Beidh an Bhainistíocht, faoi threoir an Bhoird, agus i gcás inarb infheidhme an Bhainistíocht Brainse, faoi stiúir an bhoird agus bainistíocht an eintitis dhlítheanaigh a bhfuil an brainse ina chuid de spleách ar an dlí, freagrach as an méid uile seo a leanas a áirithiú:
|
(a)
|
go bhfuil gníomhaíochtaí an oibreora SIPS comhsheasmhach lena chuspóirí, lena straitéis agus lena lamháltas riosca;
|
|
(b)
|
go ndéantar rialuithe inmheánacha agus nósanna imeachta gaolmhara a dhearadh, a fhorghníomhú agus a mhaoirsiú go hiomchuí chun cuspóirí an oibreora SIPS a chur chun cinn;
|
|
(c)
|
go bhfuil na rialuithe inmheánacha agus na nósanna imeachta gaolmhara faoi réir athbhreithniú agus tástáil rialta ag feidhmeanna bainistithe riosca agus iniúchóireachta inmheánaí atá dea-oilte agus a bhfuil foireann leordhóthanach acu;
|
|
(d)
|
go bhfuil sé rannpháirteach go gníomhach sa phróiseas rialúcháin riosca;
|
|
(e)
|
go bhfuil acmhainní leordhóthanacha á leithdháileadh ar chreat bainistithe riosca an SIPS.
|
|
|
Airteagal 9 11
|
11. I gcás ina sainaithnítear brainse mar oibreoir SIPS:
|
(a)
|
déanfar feidhmiú na gcúraimí is gá chun comhlíonadh an Rialacháin seo a áirithiú a tharmligean go cuí chuig an mBainistíocht Brainse; agus
|
|
(b)
|
beidh gach stiúrthóir bainistíochta a chomhdhéanann an Brainse ina gcomhaltaí de bhainistíocht an eintitis dhlíthiúil a bhfuil an brainse ina chuid spleách air ó thaobh an dlí de.
|
Chun críche phointe (b), ciallaíonn ‘comhaltaí den bhainistíocht’, i gcóras boird aonadaigh, comhaltaí an Bhoird a bhíonn ag gabháil do bhainistiú laethúil an eintitis dhlítheanaigh agus aon oifigigh feidhmiúcháin eile arna gceapadh ag an mBord atá i mbun bhainistíocht laethúil an eintitis dhlítheanaigh nó, i gcóras débhoird, comhaltaí an bhoird bainistíochta agus aon oifigigh feidhmiúcháin eile arna gceapadh ag an mBord nó ag an mbord bainistíochta atá ag gabháil do bhainistíocht laethúil an eintitis dhlíthiúil.
|
|
Airteagal 9 12
|
12. Comhlíonadh na gceanglas maidir le sláine faoi mhíreanna 5 agus 9 á áirithiú aige, breithneoidh oibreoir SIPS an bhfuil taifead ag comhaltaí an Bhoird agus ag Bainistíocht, agus i gcás inarb infheidhme Bainistíochta Brainse, oibreora SIPS i leith ciontuithe nó pionóis i leith sáruithe ar an dlí tráchtála is infheidhme, ar an dlí dócmhainneachta, ar an dlí seirbhísí airgeadais, ar an dlí frithsciúrtha airgid agus/nó ar an dlí maidir le maoiniú sceimhlitheoireachta agus ar sháruithe ar dhualgas gairmiúil chomh maith le calaois.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|