5. Oibreoir SIPS, lena n-áirítear oibreoir córais DNS nach bhfuil aon ráthaíocht socraíochta aige, ach ina bhfuil neamhchosaintí creidmheasa a eascraíonn as próisis íocaíochta, imréitigh agus socraíochta roimh rannpháirtithe an SIPS, beidh rialacha nó socruithe conarthacha i bhfeidhm ag an oibreoir SIPS sin leis na rannpháirtithe sin. Áiritheofar leis na rialacha nó leis na socruithe conarthacha go gcuirfidh rannpháirtithe SIPS acmhainní leordhóthanacha ar fáil, dá dtagraítear i mír 4, chun neamhchosaintí creidmheasa a eascraíonn as na próisis íocaíochta, imréitigh agus socraíochta SIPS a chumhdach i ndáil leis an dá rannpháirtí ag a bhfuil, in éineacht lena gcleamhnaithe, an neamhchosaint chomhiomlán creidmheasa is mó.