8. I gcás ina bhforlíonann oibreoir SIPS na hacmhainní dá dtagraítear i mír 4 le sócmhainní eile, is dócha go mbeidh na sócmhainní sin indíolta nó inghlactha mar chomhthaobhacht (le haghaidh, e.g. línte creidmheasa, babhtálacha, nó comhaontuithe athcheannaigh) ar bhonn ad hoc tar éis mainneachtana, fiú mura féidir é sin a réamhshocrú nó a ráthú go hiontaofa faoi dhálaí margaidh atá foircneach ach inchreidte. I gcás ina bhforlíonann rannpháirtí na hacmhainní dá dtagraítear i mír 4 le sócmhainní eile, áiritheoidh an t-oibreoir SIPS go gcomhlíontar leis na sócmhainní eile sin na ceanglais a leagtar amach sa chéad abairt den mhír seo. Toimhdeofar gur dócha go bhfuil sócmhainní indíolta nó inghlactha mar chomhthaobhacht má tá an t-oibreoir SIPS tar éis rialacha agus cleachtais an bhainc ceannais ábhartha maidir le hincháilitheacht comhthaobhachta a chur san áireamh.