10. Déanfaidh oibreoir SIPS dícheall cuí chun a fhíorú maidir le gach soláthraí acmhainní leachtacha an SIPS, dá dtagraítear i mír 4:
|
(a)
|
go bhfuil faisnéis aige atá leordhóthanach agus cothrom le dáta chun na rioscaí leachtachta a bhaineann le soláthar airgid thirim nó sócmhainní a thuiscint agus a bhainistiú;
|
|
(b)
|
go bhfuil sé d’acmhainn aige airgead tirim nó sócmhainní a sholáthar de réir mar is gá.
|
Déanfaidh an t-oibreoir SIPS athbhreithniú ar a chomhlíontacht leis an oibleagáid díchill chuí uair sa bhliain ar a laghad. Ní ghlacfar mar sholáthróirí leachtachta ach le heintitis a bhfuil rochtain acu ar chreidmheas ón mbanc ceannais eisiúna. Déanfaidh an t-oibreoir SIPS tástáil rialta ar nósanna imeachta an SIPS maidir le rochtain a fháil ar a acmhainní leachtacha.