4. Má dhéantar socraíocht in airgead bainc tráchtála, déanfaidh an t-oibreoir SIPS na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn as na bainc shocraíochta thráchtála a chur faoi fhaireachán, a bhainistiú agus a theorannú. Thar aon ní eile, suífidh an t-oibreoir SIPS go bhfuiltear ag cloí le dianchritéir le haghaidh a chuid banc socraíochta agus déanfaidh sé faireachán ar an gcloí sin; cuirfear san áireamh sna dianchritéir sin, i measc nithe eile, rialáil agus maoirseacht, acmhainneacht creidmheasa, caipitliú, rochtain ar leachtacht, agus iontaofacht oibríochtúil na mbanc socrúcháin sin. Déanfaidh an t-oibreoir SIPS faireachán agus bainistiú freisin ar an gcomhchruinniú neamhchosaintí creidmheasa agus leachtachta ar bhainc shocraíochta thráchtála an SIPS.