+Airteagal 15 Socraíochtaí airgeadra
---+Airteagal 15 1
---+Airteagal 15 2
---+Airteagal 15 3
---+Airteagal 15 4
---+Airteagal 15 5
---+Airteagal 15 6
|
Airteagal 15 Socraíochtaí airgeadra
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 1
|
1. Cinnteoidh oibreoir SIPS atá ag socrú íocaíochtaí aontaobhach in euro go ndéantar an tsocraíocht deiridh in airgead an bhainc ceannais. Oibreoir SIPS a shocraíonn íocaíochtaí le haghaidh SIPS eile, féachfaidh sé le cur ar chumas an SIPS eile sin socraíocht a dhéanamh fiú amháin i gcásanna éigeandála.
|
|
Airteagal 15 2
|
2. Oibreoir SIPS a shocraíonn íocaíochtaí déthaobhacha nó íocaíochtaí aontaobhacha in airgeadraí seachas an euro, áiritheoidh sé go ndéanfar an tsocraíocht chríochnaitheach in airgead bainc ceannais i gcás ina mbeidh sé sin indéanta agus ar fáil.
|
|
Airteagal 15 3
|
3. Mura n-úsáidtear airgead bainc ceannais, áiritheoidh oibreoir SIPS go ndéanfar socraíochtaí airgid trí úsáid a bhaint as sócmhainn socraíochta nach bhfuil ach riosca beag creidmheasa agus leachtachta nó gan aon riosca creidmheasa agus leachtachta ag baint léi.
|
|
Airteagal 15 4
|
4. Má dhéantar socraíocht in airgead bainc tráchtála, déanfaidh an t-oibreoir SIPS na rioscaí creidmheasa agus leachtachta a eascraíonn as na bainc shocraíochta thráchtála a chur faoi fhaireachán, a bhainistiú agus a theorannú. Thar aon ní eile, suífidh an t-oibreoir SIPS go bhfuiltear ag cloí le dianchritéir le haghaidh a chuid banc socraíochta agus déanfaidh sé faireachán ar an gcloí sin; cuirfear san áireamh sna dianchritéir sin, i measc nithe eile, rialáil agus maoirseacht, acmhainneacht creidmheasa, caipitliú, rochtain ar leachtacht, agus iontaofacht oibríochtúil na mbanc socrúcháin sin. Déanfaidh an t-oibreoir SIPS faireachán agus bainistiú freisin ar an gcomhchruinniú neamhchosaintí creidmheasa agus leachtachta ar bhainc shocraíochta thráchtála an SIPS.
|
|
Airteagal 15 5
|
5. Má dhéanann oibreoir SIPS socraíochtaí airgid ar a leabhair féin, íoslaghdóidh sé agus rialóidh sé go dian a rioscaí creidmheasa agus leachtachta.
|
|
Airteagal 15 6
|
6. Má dhéantar socraíocht in airgead bainc tráchtála, leagfar an méid seo a leanas amach go soiléir sna comhaontuithe dlíthiúla atá ag oibreoir SIPS le haon bhainc socraíochta tráchtála:
|
(a)
|
an tráth a mheastar a ndéanfar aistrithe ar leabhair banc socraíochta aonair;
|
|
(b)
|
go mbeidh na haistrithe críochnaitheach nuair a dhéanfar iad;
|
|
(c)
|
go mbeidh na cistí a gheofar inaistrithe a luaithe is féidir, ag deireadh an lae ar a dhéanaí.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|