3. Beidh oibreoir SIPS ullamh chun a rialacha agus a nósanna imeachta réamhshocraithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear aon nósanna imeachta lánroghnacha iomchuí dá bhforáiltear ina rialacha. Áiritheoidh oibreoir SIPS, inter alia, an méid seo a leanas: (a) go bhfuil an acmhainneacht oibríochtúil aige, lena n-áirítear pearsanra dea-oilte leordhóthanach, chun na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 a chur chun feidhme go tráthúil; agus (b) go ndéileáiltear i rialacha agus nósanna imeachta an SIPS le riachtanais doiciméadachta, faisnéise agus chumarsáide, agus, nuair a bhíonn breis agus BMA nó údarás amháin i gceist, le comhordú.