+Airteagal 17 Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain rannpháirtí
---+Airteagal 17 1
---+Airteagal 17 2
---+Airteagal 17 3
---+Airteagal 17 4
---+Airteagal 17 5
|
Airteagal 17 Rialacha agus nósanna imeachta maidir le mainneachtain rannpháirtí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 17 1
|
1. Bunóidh oibreoir SIPS sainmhíniú ar mhainneachtain rannpháirtí i rialacha agus nósanna imeachta an SIPS, lena n-áireofar, ar a laghad, mainneachtain rannpháirtí a oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh nuair a bheidh siad dlite, de thoradh, inter alia, cúiseanna oibríochtúla, sárú comhaontaithe, nó tús a chur le himeachtaí dócmhainneachta i gcoinne an rannpháirtí sin. Déanfaidh oibreoir SIPS idirdhealú idir mainneachtain uathoibríoch agus mainneachtain lánroghnach. I gcás mainneachtain lánroghnach, sonróidh an t-oibreoir SIPS cé acu eintiteas a fheidhmeoidh an lánrogha sin. Athbhreithneoidh sé an sainmhíniú sin uair sa bhliain ar a laghad.
|
|
Airteagal 17 2
|
2. Beidh rialacha agus nósanna imeachta mainneachtana ag oibreoir SIPS lena gcuirtear ar a chumas leanúint dá oibleagáidí a chomhlíonadh i gcás ina mainníonn rannpháirtí, agus déileálfar sna rialacha agus nósanna imeachta sin ar athshlánú acmhainní tar éis mainneachtana. Saineofar leis na rialacha agus nósanna imeachta, mar íosmhéid, gach ní de na nithe seo a leanas:
|
(a)
|
na gníomhaíochtaí is féidir le hoibreoir SIPS a dhéanamh nuair a tharlaíonn mainneachtain;
|
|
(b)
|
cibé acu ar bhonn uathoibríoch nó ar bhonn lánroghnach a dhéantar na gníomhaíochtaí sin agus na modhanna trína bhfeidhmítear an lánrogha sin;
|
|
(c)
|
athruithe féideartha ar na gnáthchleachtais socraíochta a bhaineann le hoibreoir SIPS chun socraíocht thráthúil a áirithiú;
|
|
(d)
|
bainistiú íocaíochtaí ag céimeanna difriúla próiseála;
|
|
(e)
|
seicheamh dóchúil na mbeart;
|
|
(f)
|
róil, oibleagáidí agus freagrachtaí na bpáirtithe ábhartha, lena n-áirítear rannpháirtithe neamh-mhainneachtana;
|
|
(g)
|
sásraí eile atá le gníomhachtú chun tionchar mainneachtana a theorannú.
|
|
|
Airteagal 17 3
|
3. Beidh oibreoir SIPS ullamh chun a rialacha agus a nósanna imeachta réamhshocraithe a chur chun feidhme, lena n-áirítear aon nósanna imeachta lánroghnacha iomchuí dá bhforáiltear ina rialacha. Áiritheoidh oibreoir SIPS, inter alia, an méid seo a leanas: (a) go bhfuil an acmhainneacht oibríochtúil aige, lena n-áirítear pearsanra dea-oilte leordhóthanach, chun na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2 a chur chun feidhme go tráthúil; agus (b) go ndéileáiltear i rialacha agus nósanna imeachta an SIPS le riachtanais doiciméadachta, faisnéise agus chumarsáide, agus, nuair a bhíonn breis agus BMA nó údarás amháin i gceist, le comhordú.
|
|
Airteagal 17 4
|
4. Nochtfaidh oibreoir SIPS go poiblí príomhghnéithe na rialacha agus na nósanna imeachta a leagtar amach i mír 2, lena n-áirítear, ar a laghad, gach ceann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
na himthosca ina ndéanfar beart;
|
|
(b)
|
cé a dhéanfaidh na bearta sin;
|
|
(c)
|
scóip na mbeart a dhéanfar;
|
|
(d)
|
na sásraí chun déileáil leis na hoibleagáidí atá ar oibreoir SIPS i leith rannpháirtithe neamh-mhainneachtana.
|
|
|
Airteagal 17 5
|
5. Déanfaidh oibreoir SIPS tástáil agus athbhreithniú ar rialacha agus nósanna imeachta an SIPS a leagtar amach i mír 2 uair sa bhliain ar a laghad nó tar éis aon athruithe ábhartha ar an SIPS lena ndéantar difear do na rialacha agus do na nósanna imeachta sin. Tabharfaidh oibreoir SIPS rannpháirt do rannpháirtithe an SIPS agus do gheallsealbhóirí ábhartha an SIPS sa tástáil agus san athbhreithniú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 14.07.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R1355
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|