6. Bunóidh oibreoir SIPS plean leanúnachais gnó lena ndéileálfar le teagmhais lena mbaineann riosca suntasach go gcuirfí isteach ar oibríochtaí an SIPS. Áireofar sa phlean úsáid láithreáin thánaistigh agus dearfar é chun a áirithiú gur féidir le córais teicneolaíochta faisnéise chriticiúla oibríochtaí a atosú laistigh de dhá uair an chloig ón tráth a dtarlaíonn na teagmhais sin. Ceapfar an plean sa tslí go mbeidh an SIPS i gcónaí in ann gach íocaíocht atá dlite a shocrú faoi dheireadh an lae gnó a dtarlaíonn an mhíshocracht. Tástálfaidh an t-oibreoir SIPS an plean agus athbhreithneoidh sé é uair sa bhliain ar a laghad.