1. Chun críche bainistithe riosca, áiritheoidh oibreoir SIPS go mbeidh de thoradh ar rialacha, nósanna imeachta agus socruithe conarthacha an SIPS go mbeidh ar a chumas faisnéis a bhailiú i dtaobh rannpháirtíocht indíreach chun aon rioscaí ábhartha don SIPS a eascraíonn as rannpháirtíocht a shainaithint, a chur faoi fhaireachán agus a bhainistiú. Cumhdófar an méid seo a leanas, ar a laghad, leis an bhfaisnéis sin:
|
(a)
|
an ghníomhaíocht a dhéanann rannpháirtithe díreacha thar a gceann féin agus thar ceann rannpháirtithe indíreacha i gcomhréir leis an ngníomhaíocht ar leibhéal an chórais;
|
|
(b)
|
an líon rannpháirtithe indíreacha a shocraíonn trí bhíthin rannpháirtithe díreacha aonair;
|
|
(c)
|
méideanna agus luachanna na n-íocaíochtaí sa SIPS de thionscnamh gach aon rannpháirtí indíreach;
|
|
(d)
|
méideanna agus luachanna na n-íocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) i gcomhréir le méideanna agus luachanna an rannpháirtí dhírigh trína bhfaigheann an rannpháirtí indíreach rochtain ar an SIPS.
|