2. Comhoibreoidh oibreoirí SIPS, ar bhonn leanúnach, leis an údarás inniúil, agus áiritheoidh siad go gcomhlíonann an SIPS a oibríonn siad na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 8 go 27 agus in Airteagal 29, lena n-áirítear i dtéarmaí éifeachtacht fhoriomlán a rialacha, a nósanna imeachta, a bpróisis agus a gcreataí. Comhoibreoidh oibreoirí SIPS freisin leis an údarás inniúil i dtaca leis an mórchuspóir go ndéanfaí oibriú rianúil na gcóras íocaíochta ar an leibhéal sistéamach a chur chun cinn.