3. Faoin 17 Nollaig 2030, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil. Beidh an deimhniú sin bailí ar feadh 5 bliana.
Na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad Airteagal 5(2) tar éis thréimhse éaga an deimhnithe ach amháin má roghnaíonn siad é a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.