+Airteagal 6 Deimhniú
---+Airteagal 6 1
---+Airteagal 6 2
---+Airteagal 6 3
---+Airteagal 6 4
---+Airteagal 6 5
---+Airteagal 6 6
|
Airteagal 6 Deimhniú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1
|
1. Faoin 17 Nollaig 2027, agus gach 3 bliana dá éis sin, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mhóra iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil.
|
|
Airteagal 6 2
|
2. Faoin 17 Nollaig 2028, agus gach 4 bliana dá éis sin, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair mheánmhéide iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil.
|
|
Airteagal 6 3
|
3. Faoin 17 Nollaig 2030, léireoidh oibreoirí eacnamaíocha ar fiontair bheaga iad go bhfuil na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh sa phróiseas láimhseála ag gach suiteáil inar láimhseáladh cainníochtaí de mhillíní plaisteacha atá cothrom leis an tairseach 1 500 tona nó os a cionn sa bhliain féilire roimhe, trí dheimhniú arna eisiúint ag deimhnitheoir a fháil. Beidh an deimhniú sin bailí ar feadh 5 bliana.
Na hoibreoirí eacnamaíocha dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad Airteagal 5(2) tar éis thréimhse éaga an deimhnithe ach amháin má roghnaíonn siad é a athnuachan i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 6 4
|
4. Déanfaidh deimhnitheoirí spotseiceálacha, lena n-áirítear, más inrochtana, sna ceantair máguaird, chun a áirithiú go bhfuil an plean bainistithe riosca leormhaith chun caillteanas millíní plaisteacha a chosc agus go gcuirfear chun feidhme go cuí na bearta uile a áirítear ann.
|
|
Airteagal 6 5
|
5. Comhlíonfaidh na deimhnithe na ceanglais seo a leanas:
|
(a)
|
go n-eisítear iad i gcomhréir leis an bhfoirm shamplach a leagtar amach in Iarscríbhinn IV agus i bhfoirm leictreonach;
|
|
(b)
|
go sonraíonn siad an t-oibreoir eacnamaíoch, an tsuiteáil a chumhdaítear leis an deimhniú, dáta gach spotseiceála a dhéantar, agus an tréimhse bhailíochta;
|
|
(c)
|
go ndeimhníonn siad go mbeidh an tsuiteáil a chumhdaítear leis an deimhniú i gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I;
|
|
|
Airteagal 6 6
|
6. Gan moill mhíchuí, tabharfaidh deimhnitheoirí fógra don údarás inniúil faoin méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhnithe arna n-eisiúint;
|
|
(b)
|
deimhnithe arna gcur ar fionraí nó arna dtarraingt siar;
|
|
(c)
|
athruithe ar dheimhnithe.
|
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|