1. Oibreoirí eacnamaíocha atá cláraithe leis an scéim Chomhphobail um bainistíocht agus iniúchadh comhshaoil (EMAS) i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009, beidh siad díolmhaithe ó chomhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 5(2) agus in Airteagal 6(1), (2) agus (3) den Rialachán seo ar choinníoll go mbeidh seiceáil déanta ag an bhfíoraitheoir comhshaoil mar a shainmhínítear in Airteagal 2(20) de Rialachán (CE) Uimh. 1221/2009 gur áiríodh na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo gcóras bainistithe comhshaoil an oibreora eacnamaíoch agus go bhfuil na ceanglais sin curtha chun feidhme.