+Airteagal 14 Teagmhais agus timpistí
---+Airteagal 14 1
---+Airteagal 14 2
---+Airteagal 14 3
|
Airteagal 14 Teagmhais agus timpistí
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 14 1
|
1. Gan dochar do Threoir 2004/35/CE, i gcás teagmhas nó timpiste is cúis le caillteanas a dhéanann difear do shláinte an duine nó don chomhshaol, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad an méid seo a leanas:
|
(a)
|
seirbhísí éigeandála a chur ar an eolas láithreach, i gcás inarb ábhartha;
|
|
(b)
|
gach beart is féidir a dhéanamh láithreach chun na hiarmhairtí do shláinte an duine nó don chomhshaol a íoslaghdú;
|
|
(c)
|
gan mhoill agus tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis an teagmhais nó na timpiste is cúis le caillteanas a dhéanann difear do shláinte an duine nó don chomhshaol, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar do na húdaráis inniúla ar ina gcríocha a tharla an teagmhas nó an timpiste:
|
(i)
|
cainníochtaí measta an chaillteanais;
|
|
(ii)
|
na cúiseanna leis an gcaillteanas; agus
|
|
(iii)
|
na bearta arna ndéanamh de bhun phointe (b); agus
|
|
|
(d)
|
bearta chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc.
|
|
|
Airteagal 14 2
|
2. An t-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste, cuirfidh sé de cheangal, i gcás inar gá, ar oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais agus iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad bearta comhlántacha iomchuí a dhéanamh chun na hiarmhairtí do shláinte an duine nó don chomhshaol a íoslaghdú agus chun tuilleadh teagmhas nó timpistí a chosc, lena n-áirítear trí oiliúint shonrach a eagrú.
|
|
Airteagal 14 3
|
3. I gcás aon teagmhas nó timpiste lena ndéantar difear do shláinte an duine nó don chomhshaol i mBallstát eile, cuirfidh an t-údarás inniúil ar ina chríoch a tharla an teagmhas nó an timpiste údarás inniúil an Bhallstáit eile sin ar an eolas láithreach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 26.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32025R2365
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|