1. I gcás ina sáraítear na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo, déanfaidh oibreoirí eacnamaíocha, iompróirí de chuid an Aontais, iompróirí nach iompróirí de chuid an Aontais iad agus ionadaithe údaraithe, de réir mar is infheidhme, an méid seo a leanas láithreach:
|
(a)
|
an t-údarás inniúil a chur ar an eolas;
|
|
(b)
|
na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh na rialacha á gcomhlíonadh arís laistigh den tréimhse is giorra is féidir; agus
|
|
(c)
|
aon bhearta comhlántacha a chomhlíonadh a chinnfidh an t-údarás inniúil a bheith riachtanach chun an comhlíonadh a athbhunú.
|