2. I gcás ina bhfuil sárú ar na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo ina chontúirt láithreach do shláinte an duine nó ina bhféadfadh sé a bheith ina údar le héifeacht dhíobhálach shuntasach ar an gcomhshaol, déanfaidh an t-údarás inniúil, nó, i gcás ina mbeidh caillteanas suntasach mar thoradh ar an sárú sin, féadfaidh an t-údarás inniúil oibriú na suiteála nó cuid di a chur ar fionraí, agus bac gluaiseachta a chur ar ghluaiseacht feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre nó gluaiseacht feithiclí bóthair, vaigíní iarnróid nó soithí uiscebhealaí intíre a chosc go dtí go n-athbhunófar an comhlíonadh i gcomhréir le mír 1, pointí (b) agus (c).