4. Áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil ag duine dá dtagraítear i mír 1 rochtain ar chúirt nó ar chomhlacht poiblí neamhspleách neamhchlaonta eile atá inniúil ar athbhreithniú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht nós imeachta agus shubstainteach aon chinntí, aon ghníomhartha nó aon mhainneachtana gníomhú de chuid an údaráis inniúil faoin Rialachán seo, gan dochar d’aon fhoráil den dlí náisiúnta lena gceanglaítear nach mór nósanna imeachta um athbhreithniú riaracháin a bheith ídithe sula rachfar ar iontaoibh imeachtaí breithiúnacha. Beidh na nósanna imeachta athbhreithniúcháin sin cóir, cothrom, tráthúil agus ní bheidh siad róchostasach, agus soláthrófar leo leigheasanna leordhóthanacha agus éifeachtacha, lena n-áirítear faoiseamh urghaire i gcás inar gá.