2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 22(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana ón 2 Eanáir 2028. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas i leith tharmligean na cumhachta. Cuirfear síneadh le tarmligean na cumhachta go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle ina aghaidh sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.