12. Beidh na sonraí atá ar an ardán sonraí comhchoiteann inrochtana agus inchuardaithe go leictreonach. Déanfaidh ECHA bearta chun ardchaighdeán slándála a áirithiú atá iomchuí do na rioscaí slándála a eascraíonn as stóráil sonraí ceimiceán san ardán sonraí comhchoiteann. Déanfaidh na Gníomhaireachtaí ábhartha bearta i gcomhar le ECHA chun a áirithiú go dtarchuirfear sonraí ceimiceán go slán chuig an ardán sonraí comhchoiteann. Déanfaidh ECHA an t-ardán sonraí comhchoiteann a dhearadh ar bhealach a rathaíonn go bhfuil aon rochtain ar shonraí rúnda in-iniúchta.