2. I gcás ina n-óstálann an Coimisiún nó ceann de na Gníomhaireachtaí sonraí maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil nó ina bhfuil sonraí maidir le hinbhuanaitheacht comhshaoil ina seilbh acu, cuirfidh sé nó sí na sonraí sin ar fáil do ECHA gan mhoill lena n-ionchorprú sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil nuair a bhíonn na measúnuithe bailíochta agus rúndachta curtha i gcrích ag an gCoimisiún nó ag an ngníomhaireacht a bhfuil na sonraí á n-óstáil nó ina seilbh acu, i gcás inarb ábhartha. Ina theannta sin, féadfaidh na Ballstáit nó comhpháirtithe eile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí náisiúnta, institiúidí taighde agus eagraíochtaí tríú tíortha, sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil a chur faoi bhráid ECHA. Soláthróidh an Coimisiún agus na Gníomhaireachtaí an comhar teicniúil is gá do ECHA chun ionchorprú sonraí den sórt sin sa bhunachar sonraí maidir le sonraí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil a éascú. Soláthróidh ECHA an tacaíocht is gá don Choimisiún agus do na Gníomhaireachtaí chun ionchorprú na sonraí sin a éascú.