4. Tarraingeoidh EEA suas tuarascáil bhliantúil, ina ndéanfar sonraí a chur i dtoll a chéile agus a anailísiú maidir le comharthaí luathrabhaidh i gcomhréir le míreanna 2 agus 3. Ullmhófar an chéad tuarascáil faoin 2 Iúil 2027. Cuirfidh EEA an tuarascáil sin i láthair do na hÚdaráis. Laistigh de 9 mí ó chur i láthair gach tuarascála bliantúla, déanfaidh na hÚdaráis machnamh ar thabhairt faoi ghníomhartha rialála, beartais nó forfheidhmithe dá réir, agus tabharfaidh siad réasúnú má chineann siad gan leanúint ar aghaidh le haon ghníomh.