3. Tabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra freisin don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo, gan mhoill, maidir le haon fhaisnéis dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a bhaineann le staidéir coimisiúnaithe ag oibreoirí gnó chun tacú le hiarratas, fógra nó sainchomhad rialála arna gcur in iúl nó arna dtiolacadh d’Údarás, chomh maith le haon staidéir ar cheimiceáin, astu féin nó i dtáirgí, a choimisiúnaíonn siad mar chuid de mheasúnú riosca nó sábháilteachta, faoi ghníomhartha dlí an Aontais a liostaítear in Iarscríbhinn I, Cuid 1, a ghabhann leis an Rialachán seo. Mar sin féin, ní thabharfaidh saotharlanna agus saoráidí tástála fógra don Bhunachar Sonraí d’Fhógraí Staidéir dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo faoi staidéir a bhfuil fógra le tabhairt ina leith faoi Airteagal 32b de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002.