+Airteagal 9 Ionadaí údaraithe
---+Airteagal 9 1
---+Airteagal 9 2
---+Airteagal 9 3
---+Airteagal 9 4
---+Airteagal 9 5
|
Airteagal 9 Ionadaí údaraithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 9 1
|
1. Féadfaidh monaróirí, trí shainordú scríofa, ionadaí údaraithe a cheapadh. Ní bheidh an sainordú sin bailí ach amháin nuair a ghlacann an t-ionadaí údaraithe leis i scríbhinn. Soláthróidh an t-ionadaí údaraithe cóip den sainordú don údarás inniúil, arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 9 2
|
2. Monaróirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas agus a chuireann glantach nó dromchlaghníomhaí ar mhargadh an Aontais, ceapfaidh siad ionadaí údaraithe de bhun na gcoinníollacha a leagtar síos i mír 1.
|
|
Airteagal 9 3
|
3. Déanfaidh an t-ionadaí údaraithe na cúraimí a shonrófar sa sainordú dá dtagraítear i mír 1.
Leis an sainordú sin, cuirfear de cheangal ar an ionadaí údaraithe an méid seo a leanas a dhéanamh ar a laghad:
|
(a)
|
a fhíorú, i gcomhréir le hAirteagal 8(2), gur cruthaíodh an pas táirge digiteach, gur cuireadh an fhaisnéis ábhartha faoin bpas táirge digiteach san áireamh sa chlárlann, go bhfuil an doiciméadacht theicniúil tarraingthe suas agus go bhfuil nós imeachta iomchuí um measúnú comhréireachta déanta;
|
|
(b)
|
an doiciméadacht theicniúil a choinneáil ar fáil do na húdaráis náisiúnta faireachais margaidh agus an pas táirge digiteach a choinneáil ar fáil go ceann 10 bliana ón dáta ar a chuirtear an glantach nó an dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis na doiciméid sin ar an margadh;
|
|
(c)
|
mar thoradh ar iarraidh réasúnaithe ó údarás náisiúnta inniúil, an fhaisnéis agus an doiciméadacht uile is gá a chur ar fáil don údarás sin chun a léiriú go gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, i dteanga is féidir leis an údarás sin a thuiscint go héasca;
|
|
(d)
|
i gcás ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint go mbaineann riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis an sainordú, an monaróir agus na húdaráis faireachais margaidh a chur ar an eolas faoi sin;
|
|
(e)
|
oibriú i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta inniúla, arna iarraidh sin dóibh, maidir le haon ghníomhaíocht a dhéantar chun deireadh a chur leis na rioscaí a bhaineann le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chumhdaítear leis an sainordú; agus
|
|
(f)
|
an sainordú a fhoirceannadh agus na húdaráis náisiúnta inniúla a chur ar an eolas faoin bhfoirceannadh sin mura gcomhlíonann an monaróir a oibleagáidí faoin Rialachán seo.
|
|
|
Airteagal 9 4
|
4. De bhreis ar na cúraimí dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo, ceanglófar le sainordú an ionadaí údaraithe arna cheapadh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo ar an ionadaí údaraithe sin an méid seo a leanas a dhéanamh maidir le glantaigh agus dromchlaghníomhaithe a chumhdaítear leis an sainordú sin:
|
(a)
|
an bhileog sonraí comhábhar a sholáthar agus, i gcás inar gá, a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir le hAirteagal 8(6);
|
|
(b)
|
an fhaisnéis atá ar an mbileog sonraí comhábhar a choinneáil faoi rún;
|
|
(c)
|
a fhíorú go gcomhlíonann glantaigh agus dromchlaghníomhaithe na ceanglais lipéadaithe a leagtar amach in Airteagal 17(1), (3), (4) agus (5), Airteagal 18(1), Airteagal 19(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 17(2), Airteagal 18(2) agus Airteagal 19(3); agus
|
|
(d)
|
a dhícheall a dhéanamh chun a fhíorú go léiríonn an doiciméadacht agus an fhaisnéis arna soláthar ag an monaróir i gcomhréir le hAirteagal 8(7) go gcomhlíonann na táirgí an Rialachán seo.
|
|
|
Airteagal 9 5
|
5. Ní bheidh na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 8(1) ná an oibleagáid doiciméadacht theicniúil a tharraingt suas dá dtagraítear in Airteagal 8(2) ina gcuid de shainordú an ionadaí údaraithe.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|