8. I gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir agus na húdaráis inniúla ar an eolas láithreach agus comhoibreoidh siad leo agus déanfaidh siad an beart ceartaitheach is gá láithreach chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann allmhaireoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí atá curtha ar an margadh acu, cuirfidh siad an monaróir agus údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.