4. I gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí an Rialachán seo, ní chuirfidh siad ar fáil ar an margadh é nó go dtabharfar i gcomhréir é. Thairis sin, i gcás ina bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint leis an nglantach nó leis an dromchlaghníomhaí, cuirfidh dáileoirí na húdaráis faireachais margaidh, an monaróir agus, i gcás inarb ábhartha, an t-ionadaí údaraithe nó an t-allmhaireoir ar an eolas faoi sin.