6. I gcás ina measann dáileoirí nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint nach gcomhlíonann glantach nó dromchlaghníomhaí atá curtha ar fáil ar an margadh acu an Rialachán seo, cuirfidh siad an monaróir nó an t-allmhaireoir, de réir mar is infheidhme, agus na húdaráis inniúla náisiúnta ar an eolas láithreach agus comhoibreoidh siad leo agus áiritheoidh siad go ndéanfar an beart ceartaitheach is gá chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt i gcomhréir, chun é a tharraingt siar nó chun é a aisghairm, de réir mar is iomchuí. Thairis sin, i gcás ina measann dáileoirí, nó ina bhfuil cúis acu a chreidiúint, go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí a chuir siad ar fáil ar an margadh, cuirfidh siad údaráis náisiúnta inniúla na mBallstát inar chuir siad ar fáil ar an margadh é ar an eolas láithreach ina thaobh sin, agus tabharfaidh siad mionsonraí, go háirithe, faoi aon neamhchomhlíonadh agus faoi aon bheart ceartaitheach a rinneadh.