1. Sula gcuirfear glantach nó dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh ar an margadh, uaslódálfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha, sa chlárlann a bhunaítear faoi Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2024/1781, an t-aitheantóir táirge uathúil agus an t-aitheantóir oibreora uathúil don ghlantach nó don dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh.
I gcás glantach nó dromchlaghníomhaithe úsáideora deiridh a bheartaítear a chur faoin nós imeachta custaim ‘scaoileadh i saorchúrsaíocht’, stórálfaidh an chlárlann cód tráchtearra an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí úsáideora deiridh freisin.