3. Más rud é, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, go gcinnfidh na húdaráis faireachais margaidh, nach gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, iad a tharraingt siar ón margadh, nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear i mír 1.