+Airteagal 26 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le faireachas margaidh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe
---+Airteagal 26 1
---+Airteagal 26 2
---+Airteagal 26 3
---+Airteagal 26 4
---+Airteagal 26 5
---+Airteagal 26 6
---+Airteagal 26 7
---+Airteagal 26 8
---+Airteagal 26 9
---+Airteagal 26 10
|
Airteagal 26 Nós imeachta ar an leibhéal náisiúnta maidir le faireachas margaidh ar ghlantaigh agus ar dhromchlaghníomhaithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 26 1
|
1. Féadfaidh údaráis faireachais margaidh Ballstáit meastóireacht a dhéanamh i ndáil le glantach nó dromchlaghníomhaí, lena gcumhdófar na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo. I gcás ina bhfuil cúis lena chreidiúint go bhfuil riosca do shláinte an duine nó don chomhshaol ag baint le glantach nó le dromchlaghníomhaí, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh an mheastóireacht sin. Comhoibreoidh na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha leis na húdaráis faireachais margaidh.
|
|
Airteagal 26 2
|
2. Agus tástálacha á ndéanamh acu chun críche na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, úsáidfidh na húdaráis faireachais margaidh na modhanna tagartha a leagtar amach sna hIarscríbhinní, de réir mar is infheidhme.
|
|
Airteagal 26 3
|
3. Más rud é, le linn na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1, go gcinnfidh na húdaráis faireachais margaidh, nach gcomhlíonann an glantach nó an dromchlaghníomhaí na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo, ceanglóidh siad gan mhoill ar an oibreoir eacnamaíoch ábhartha gach gníomhaíocht cheartaitheach iomchuí a dhéanamh chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí a thabhairt chun comhréireachta leis na ceanglais sin, iad a tharraingt siar ón margadh, nó iad a aisghairm laistigh de thréimhse réasúnta, tréimhse a leagfaidh na húdaráis faireachais margaidh síos agus a bheidh i gcomhréir leis an gcineál riosca dá dtagraítear i mír 1.
|
|
Airteagal 26 4
|
4. I gcás ina measann údarás faireachais margaidh nach bhfuil an neamhchomhlíonadh srianta dá chríoch náisiúnta, cuirfidh sé an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas faoi thorthaí na meastóireachta agus faoin ngníomhaíocht cheartaitheach a d’éiligh sé ar an oibreoir eacnamaíoch a dhéanamh.
|
|
Airteagal 26 5
|
5. Áiritheoidh an t-oibreoir eacnamaíoch go ndéanfar an ghníomhaíocht cheartaitheach iomchuí uile i leith na nglantach nó na ndromchlaghníomhaithe uile lena mbaineann a bheidh curtha ar fáil aige ar an margadh san Aontas.
|
|
Airteagal 26 6
|
6. I gcás nach ndéanfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha gníomhaíocht cheartaitheach laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír 3, déanfaidh na húdaráis faireachais margaidh na bearta sealadacha iomchuí uile chun toirmeasc nó srian a chur ar an nglantach nó an dromchlaghníomhaí a chur ar a margadh náisiúnta, chun é a aistarraingt ón margadh nó chun é a aisghairm.
Cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas, gan mhoill, i dtaobh aon bhearta a dhéanfaidh siad faoin gcéad fhomhír. Leis an bhfaisnéis sin, áireofar na sonraí uile atá ar fáil, go háirithe na sonraí sin is gá chun an glantach nó an dromchlaghníomhaí neamhchomhlíontach a shainaithint, tionscnamh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí sin, cineál an neamhchomhlíonta atá á líomhain, an riosca atá i gceist, maille le cineál agus fad na mbeart a rinneadh agus na hargóintí a léirigh an t-oibreoir eacnamaíoch ábhartha.
|
|
Airteagal 26 7
|
7. Údaráis faireachais margaidh na mBallstát, seachas an Ballstát a chuir tús leis an nós imeachta faoin Airteagal seo, cuirfidh siad an Coimisiún agus údaráis faireachais margaidh na mBallstát eile ar an eolas faoi aon bhearta a glacadh nó faoi aon fhaisnéis bhreise a bheidh acu i dtaobh neamhchomhlíonadh an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí lena mbaineann agus i gcás nach n-aontóidh siad leis na bearta sin, cuirfidh siad a gcuid agóidí in iúl freisin.
|
|
Airteagal 26 8
|
8. Más rud é, laistigh de 3 mhí ón bhfaisnéis dá dtagraítear sa dara fomhír de mhír 6 a fháil, nach ndéanann údarás faireachais margaidh ná an Coimisiún agóid in aghaidh beart sealadach a dhéanann Ballstát, measfar go bhfuil údar leis an mbeart sin.
|
|
Airteagal 26 9
|
9. Áiritheoidh na húdaráis faireachais margaidh go ndéanfar bearta sriantacha sealadacha iomchuí, mar shampla an glantach nó an dromchlaghníomhaí a tharraingt siar ón margadh, i leith an ghlantaigh nó an dromchlaghníomhaí lena mbaineann gan mhoill.
|
|
Airteagal 26 10
|
10. Chun críocha mhíreanna 4, 6, 7 agus 8 den Airteagal seo, cuirfidh na húdaráis faireachais margaidh an fhaisnéis isteach sa chóras faisnéise agus cumarsáide dá dtagraítear in Airteagal 34(1) de Rialachán (AE) 2019/1020.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|