1. Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) agus (6) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag údarás faireachais margaidh, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.