+Airteagal 27 Nós imeachta coimirce an Aontais
---+Airteagal 27 1
---+Airteagal 27 2
---+Airteagal 27 3
|
Airteagal 27 Nós imeachta coimirce an Aontais
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27 1
|
1. Más rud é, tar éis an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26(3) agus (6) a chur i gcrích, go ndéantar agóidí in aghaidh beart arna ghlacadh ag údarás faireachais margaidh, nó i gcás ina measann an Coimisiún go bhfuil beart náisiúnta contrártha do dhlí an Aontais, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle gan mhoill leis na húdaráis faireachais margaidh agus leis na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha agus déanfar meastóireacht ar an mbeart náisiúnta. Ar bhonn thorthaí na meastóireachta sin, glacfaidh an Coimisiún gníomh cur chun feidhme lena gcinnfear an bhfuil údar maith leis an mbeart náisiúnta. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 32(2).
Díreoidh an Coimisiún a chinneadh ar na Ballstáit uile agus cuirfidh sé in iúl dóibh é agus do na hoibreoirí eacnamaíocha ábhartha láithreach.
|
|
Airteagal 27 2
|
2. Má mheastar go bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, glacfaidh na Ballstáit eile na bearta is gá lena áirithiú go dtarraingítear an glantach nó an dromchlaghníomhaí neamhchomhlíontach siar óna margadh, agus cuirfidh siad an Coimisiún ar an eolas dá réir sin.
|
|
Airteagal 27 3
|
3. Má mheastar nach bhfuil bonn cirt leis an mbeart náisiúnta, tarraingeoidh an Ballstát lena mbaineann siar an beart sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 02.03.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R0405
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|