+Airteagal 11 Uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú
---+Airteagal 11 1
---+Airteagal 11 2
---+Airteagal 11 3
---+Airteagal 11 4
---+Airteagal 11 5

Airteagal 11 Uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1

1.   Déanfaidh comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 uirlisí ríomha seachtracha a dheimhniú.

Airteagal 11 2

2.   Cuirfidh forbróirí na huirlise ríomha seachtraí iarratas faoi bhráid comhlacht um measúnú comhréireachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a dhéanfaidh measúnú ar chomhlíontacht na huirlise ríomha seachtraí leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 3 go 9. I gcás measúnú dearfach, eiseoidh an comhlacht um measúnú comhréireachta deimhniú ar chomhréireacht na huirlise ríomha seachtraí leis an Rialachán seo. Beidh an deimhniú bailí ar feadh 2 bhliain. I gcás measúnú diúltach, cuirfidh an comhlacht um measúnú comhréireachta na cúiseanna lena mheasúnú diúltach ar fáil don iarratasóir.

Airteagal 11 3

3.   Coimeádfaidh an comhlacht um measúnú comhréireachta lena mbaineann liosta cothrom le dáta de na huirlisí ríomha seachtracha a bheidh deimhnithe aige agus díobh sin a ndearna sé an deimhniú ina leith a shrianadh, a chur ar fionraí nó a tharraingt siar. Cuirfidh sé an liosta sin ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin agus cuirfidh sé seoladh an tsuímh gréasáin sin in iúl don Choimisiún gan mhoill.

Airteagal 11 4

4.   Foilseoidh an Coimisiún ar a shuíomh gréasáin oifigiúil liosta atá inrochtana go héasca de na huirlisí ríomha seachtracha uile a dheimhníodh i gcomhréir le míreanna 1 agus 2, chomh maith le nasc chuig na suíomhanna gréasáin dá dtagraítear i mír 3.

Airteagal 11 5

5.   Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena leagtar síos rialacha maidir le deimhniú na n-uirlisí ríomha seachtracha agus maidir leis an deimhniú comhréireachta lena mbaineann, lena n-áirítear rialacha maidir le deimhniúchán a shrianadh, a athnuachan, a chur ar fionraí agus a tharraingt siar. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 18(2).

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 12.05.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32026R1030
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.