1. Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha sealadacha atá teoranta go docht lena maolaítear ar oibleagáidí áirithe a leagtar síos i dTreoir 2002/58/CE, nach bhfuil de chuspóir leo ach soláthraithe seirbhísí áirithe cumarsáide idirphearsanta neamhspleách ar uimhir (‘soláthraithe’) a chumasú chun teicneolaíochtaí sonracha a úsáid, gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679, chun sonraí pearsanta agus sonraí eile a phróiseáil a mhéid is fíorghá chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath ar a seirbhísí agus í a thuairisciú agus ábhar mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne a bhaint dá seirbhísí.